Home Podcasts Tús Áite
Tús Áite

Tús Áite

RTÉ Raidió na Gaeltachta 100 Episodes Oct 23, 2026

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Episodes

Tús Áite: Iosrael
Tús Áite: Iosrael Oct 23, 2026 362 Ghortaigh gunnadóirí Palaistíneacha cúigear Iosraelach sular maraíodh beirt acu tar éis malartú lámhaigh fada. Mar thoradh ar an eachtra sin, d’ordaigh Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, dianghlasáil ar fud an Bhruach Thiar. Phléamar an scéal le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine Oct 23, 2026 802 Scéalta móra na seachtaine á bplé le Clodagh Ní Mhuirí, Comhairleoir cathrach BÁC le Fine Gael, agus Míde Nic Fhionnlaíoch, Ball de na Daonlathaigh Sóisialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Dónal Lunny imithe ar shlí na firinne
Tús Áite: Dónal Lunny imithe ar shlí na firinne Oct 23, 2026 733 Tá Dónal Lunny, Ceoltóir mór le rá a bhí mar bhall den ghrúpa Planxty, agus a bhí mar cheannródaí i saol an cheoil thradisiúnta i gcoitinne, imithe ar shlí na fírinne. Labhraíomar le Paddy Glackin, fidléir, ball bunaidh de The Bothy Band, agus le Macdara Ó Faoláin, ceoltóir traidisiúnta bouzuki a bhí ag seinm le Dónal Lunny le déanaí.  See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Seoladh leabhair - 'An Saol Bocht'
Tús Áite: Seoladh leabhair - 'An Saol Bocht' Oct 23, 2026 536 Tá an chéad bheathaisnéis mór ar Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin le tríocha bliain anuas á sheoladh ag ionad ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath um thráthnóna. Tá Brian Ó Conchubhair, údar agus Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, linn ar an gclár chun é a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil Oct 22, 2026 351 Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ó fud fad na tíre á gcur i láthair ag Jack Basquille. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: El Niño
Tús Áite: El Niño Oct 22, 2026 542 Is feiniméan aimsire é El Niño ina n-éiríonn uiscí dromchla an Aigéin Chiúin níos teo ná mar is gnách, rud a mbíonn tionchar aige ar phatrúin aimsire ar fud an domhain.  Táthar ag súil leis an mbuaicphointe i mí na Nollag. Seo tuairisc ag Cearbhall Ó Síocháin ar an eachtra aeráide agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige orainn. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Múinteoirí Thar Lear
Tús Áite: Múinteoirí Thar Lear Oct 22, 2026 718 Labhair muid faoi thaithí mhúinteoirí thar learr, coinníollacha, agus an aighneas pá sa bhaile le beirt a thóg an chinneadh fágáil, Áine Ní hEósa, Múinteoir bunscoile as Corcaigh, Perth, agus Eva Ní Dhoibhleann, Múinteoir bunscoile as Gaoth Dobhair, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.  See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Liostaí Feithimh
Tús Áite: Liostaí Feithimh Oct 22, 2026 356 D'fhág níos mó ná 70,000 duine na ranna éigeandála ospidéil gan fanacht, nó d'fhág siad sular críochnaíodh a cóir leighis, le linn na chéad seacht mí den bhliain seo, de réir figiúirí nua. Phléamar é le Dr. Anthony O'Connor, Dochtúir Comhairleach in Oispidéal Thamhlachta agus Ollamh le Leighis i gColáiste na Trionóide.    See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an lae
Tús Áite: Polaitíocht an lae Oct 22, 2026 390 Scéalta móra polaitíochta na lae á bplé le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuachta RTÉ/TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán
Tús Áite: Mír na Meán Oct 21, 2026 576 Súil á chaitheamh ar cad atá sna meáin, idir Theilifís, Raidió, Litríocht, agus eile! Inniu bhí dhá chláir á phlé, 'Glúin an tSosa Cogaidh' agus 'Ceol 1798', an dá cheann ar TG4 agus Rob Ó Conchúir inár dteannta chun iad a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Gaeloideachas agus Stailc na nAturnaetha le Barry Ward
Tús Áite: Gaeloideachas agus Stailc na nAturnaetha le Barry Ward Oct 21, 2026 406 Bhí TD d'Fhine Gael Barry Ward ag tagairt do líomhaint an Aire go raibh dlíodóirí cosanta tar éis díriú isteach go sonrach ar chásanna éignithe chun bac a chur orthu mar chuid dá n-aighneas faoi íocaíochtaí agus dúirt sé go raibh an méid a dúirt an tAire mhífhéaráilte agus gur chóir dó é a tharraing siar. Labhair muid leis an fear féin maidir leis an gceist seo. See omnystudio.com/listener fo
Tús Áite: Cúrsaí Aeráide agus fuinneamh in-athnuaite
Tús Áite: Cúrsaí Aeráide agus fuinneamh in-athnuaite Oct 21, 2026 603 Chaill Éire go leor leictreachais in-athnuaite le linn na chéad naoi mí den bhliain seo. Ba leor an méid leictreachais a cailleadh chun cumhacht a sholáthar do bheagnach leathmhilliún teach in Éirinn, ach níorbh fhéidir é a úsáid de bharr srianta sa chóras leictreachais. Labhair muid faoi le Frank Allen, Comhairleoir Infrastruchtúr, Cathaoirleach Translink, Iar-Cathaoirleach Iarnróid ÉireannSee om

Recommended