
What the Focal!?
Podchraoladh Gaeilge le Ciara Ní É a thugann ardán do shaineolaithe teanga. Gach seachtain déanann Ciara agallamh ar aoi oilte chun cabhrú le héisteoirí a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Is é seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube a cuireadh ar bun in 2017. Clúdaíonn sé comhráite réchúiseacha a chuirfidh le cumas teanga an éisteora.
Episodes
What the Focal!? - S2 - Eoin Mc Evoy
Eoin Mc Evoy
Cad é 'treallús' agus an bhfuil sé ionat?
An bhfuil an 'f déliopach' cloiste agat?
'Cuir' nó 'cur', is cén uair?
Is file, drámadóir, aistritheoir agus gníomhaí pobail é Eoin Mc Evoy. Oibríonn sé le UCD agus is é stiúrthóir Aerach Aiteach Gaelach, grúpa LADTA ealaíon. Eoin a d'aistrigh Heartstopper 1 agus 2 go Gaeilge agus tá an tríú ceann idir lámha aige faoi láthair.
What the Focal!? - S2 - Séaghan Ó Súilleabháin
Séaghan Ó Súilleabháin
Cad is brí le "an duine amach"?
Cá bhfuil colbha an domhain?
An duine 'scodalach' tú?
Tháinig Séaghan Ó Súilleabháin, nó The Kerry Cowboy mar a bheadh aithne ag cuid againn air, ó fheirm i gcroílár na Ríochta. Ceapadh i 2020 é mar Oifigeach Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín, agus láithreoir teilifíse agus cruthaitheoir ábhair é freisin. Bhain sé amach céim sa Ghaela
What the Focal!? - S2 - Dr. Alan Titley
Dr. Alan Titley
Cad is brí le "an duine amach"?
Cá bhfuil colbha an domhain?
An duine 'scodalach' tú?
Corcaíoch fir gradamúil é Alan Titley mar aon le scoláire, colúnaí, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, file, staraí liteartha, craoltóir, aistritheoir agus drámadóir.
What the Focal!? - S2 - Máirín Nic Con Iomaire
Máirín Nic Con Iomaire
Cad is brí le 'aiteall'?
'Chun an fhírinne a rá' nó 'chun na fírinne a rá'?
Cad atá fireann faoi bhord!?
Is aistritheoir, teagascóir, iriseoir, craoltóir agus aisteoir í Máirín. Tá sí ag obair mar Stiúrthóir na gClár Aistriúcháin le Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus bíonn sí ag teagasc ar an MA/Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht. Tá
What the Focal!? - S2 - Dr. Gearóidín Uí Laighléis
Dr. Caitlín Nic Íomhair
An bhfuil tusa siosmaideach?
Conas is fearr 'approachable' a aistriú?
Ar chóir duitse 'Lorg an Bhéarla' a léamh?
Is Ceann Scoile & Ollamh Comhlach le Gaeilge í i bhFiontar agus Scoil na Gaeilge í Dr. Gearóidín Uí Laighléis. Bhain sí PhD amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus MA i Léann na Gaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Bronnadh uirthi Gradam an Uacht
What the Focal!? - S2 - Dr. Caitlín Nic Íomhair
Dr. Caitlín Nic Íomhair
Cad é 'an t-alt' dúbailte agus conas is féidir linn é a sheachaint?!
An bhféadfaí 'chac tú ar na huibheacha' a aistriú go lom?
An bhfuil sé níos deacra a bheith greannmhar i nGaeilge?
Is file agus léachtóir le nualitríocht na Gaeilge í Caitlín Nic Íomhair, ar as Co. an Dúin ó dhúchas di. Tá suim aici i gcothú na litearthachta ag an tríú leibhéal agus i gcur chun cinn i
What the Focal!? - S2 - Dr. Fionntán de Brún
Dr. Fionntán de Brún
Cad as a dtáinig 'giob geab'?
Cén fáth a mbíonn muintir Bhéal Feirste ag béicíl ar a chéile?
Cathain a labhraíodh Gaeilge ar eitleán den chéad uair?
An tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad is ea Fionntán de Brún - scoláire litríochta agus scríbhneoir cruthaitheach gradamúil, ar rugadh agus tógadh i mBéal Feirste é. Bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach agus sa Fh
What the Focal!? - S2 - Tadhg Mac Dhonnagáin
Tadhg Mac Dhonnagáin
Cén gléas cistine a ainmníodh i ndiaidh ceo?
An fearr 'randamach' nó 'fánach'?
An cóir dúinn an ruaig a chur ar an bhfocal 'dia'?
Is scríbhneoir do dhaoine óga, scríbhneoir scripte, cumadóir amhrán agus beathaisnéisí é Tadhg Mac Dhonnagáin a bhfuil go leor duaiseanna is gradam buaite aige. Is as Achadh Mór i gContae Mhaigh Eo é ó dhúchas is tá cónaí air i gConamara. Is é
What the Focal!? - S2 - Dr. Deirdre Nic Chárthaigh
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh
An bhfuil ár n-ainmneacha á rá i gceart againn?
Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach botúin a dhéanamh?
An bhfuil aon mhaitheas le córas na ndíochlaontaí?
Ollamh cúnta i gColáiste na Tríonóide í Deirdre Nic Chártaigh. Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Stair agus PhD aici ón ollscoil chéanna. Ba thaighdeoir iar-dhochtúireachta í in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis aici i bprós a
What the Focal!? - S2 - Dr. Eoin Mac Cárthaigh
Dr. Eoin Mac Cárthaigh
Cén gaol atá idir an Ghaeilge agus an Ghearmáinis?
Cad atá i ndán dár gcanúintí?
An féidir rud a thabhairt 'faoi dheara'?
Léachtóir le Nua-Ghaeilge agus ceann na roinne is ea Eoin Mac Cárthaigh, Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Múineann sé cúrsaí éagsúla i dteanga agus i litríocht Ghaeilge na hÉireann is na hAlban. I gColáiste na Tríonóide a rinne sé féin a bhunc
What the Focal!? - Diarmuid Ó Sé
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Diarmuid Ó Sé, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 'Fíon na Spáinne' nó 'Fíon Spáinneach'? Cén difear atá idir 'méid na ndaoine' agus 'an méid daoine'? Na comharthaí bóthair 'maraíonn tuirse' - an bhfuil ciall leo? Céimí de chuid UCD agus UCC is ea Diarmuid Ó Sé. Tá sealanna caite aige mar léachtóir le teangeolaíocht agus leis an
What the Focal!? - Áine Ní Ghlinn
Scríbhneoir do dhaoine óga agus file í Áine Ní Ghlinn, agus Laureate na nÓg 2020 – 2023. Tá 36 leabhar foilsithe aici, idir fhilíocht, dhrámaí, úrscéalta agus scéalta do dhaoine óga. Cad is brí le 'ceo inchinne'? Ar chuala tú 'Gaelachas' riamh cheana? Cad is brí le 'can I biscuit'? I measc na nduaiseanna atá buaite aici, tá Gradam Reics Carló Leabhar na Bliana buaite aici faoi thrí; Gradam Ficsin,
What the Focal!? - Meidhbhín Ní Úrdail
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Meidhbhín Ní Úrdail, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar a bhfuil sí ina hOllamh agus ina Ceann Ábhair. Cad is brí le 'taoscadh'? An raibh an Tuiseal Gairmeach ag Shakespeare? Cad is 'guta glan' ann, agus an bhfuil siad agat? Ó Ghleann Maghair, Co. Chorcaí, ó dhúchas í Meidhbhín agus tá dlúthcheangal gaoil aici le leithinis Bhé
What the Focal!? - Máirín Nic Eoin
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Máirín Nic Eoin, scoláire litríochta a chaith na blianta fada ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Cad é an Ghaeilge ar 'wow!'? Cad is brí le deoch a ól 'as a neart'? An féidir leis an gcainteoir dúchais a bheith mícheart? Is mó leabhar atá scríofa ag Máirín Nic Eoin agus bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar neart foilseachán,
What the Focal!? - Seosamh Ó Murchú
Cad is brí le 'thug mo chosa uathu'? An bhfuil an ginideach ag dul i léig? An mbíonn 'ainm' baininscneach ar uairibh? San eagrán seo labhraíonn Ciara le Seosamh Ó Murchú - file gradamúil, duine de bhunaitheoirí Raidió na Life, agus fear a chaith blianta fada ar an bhfoireann eagarthóireachta sa Ghúm, áit a raibh sé mar Eagarthóir Sinsearach. Bhí sé ar fhoireann eagarthóireachta an Fhoclóra Nua Béa
What the Focal!? - Eoin P. Ó Murchú
San eagrán seo labhraíonn Ciara le hEoin P. Ó Murchú - scríbhneoir, aistritheoir, aisteoir, agus bunaitheoir is eagraí imeachtaí éagsúla idir greann agus amhránaíocht. Tá cainéal iontach YouTube aige - caithigí súil air! Cad is brí le 'shanghai-áil'? An féidir leis an ATM do chuid Gaeilge a fheabhsú? Ar mhaith leat 'muisteais frog' a bheith ort? An gcaitheann Eoin pitseámaí? Scríobh Eoin nótaí dao
What the Focal!? - Aoife Ní Ghloinn
San eagrán seo labhraíonn Ciara le hAoife Ní Ghloinn - Stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, in Ollscoil Mhá Nuad. Pléann siad: Tábhacht na 'ins, outs, ups and downs' Conas 'Nollaig Shona' agus nathanna mar é a fhreagairt Saibhreas an struchtúir 'is X liom' (is ait liom > sílim go bhfuil sé ait)… agus neart eile! Tá spéis faoi leith Ag Aoife sa teangeolaíocht fheidhmeac
What the Focal!? - Seaghan Mac an tSionnaigh
'Gaolta' nó 'gaolmhar'? Cad is brí le 'moladh fola'? An féidir 'mé' a rá an iomarca? Labhraíonn Ciara leis an Dr. Seaghan Mac an tSionnaigh - aistritheoir agus fear léinn a bhain dochtúireacht amach sa Ghaeilge
What the Focal!? - Antain Mac Lochlainn
San eagrán seo labhraíonn Ciara leis an scríbhneoir agus aistritheoir Antain Mac Lochlainn. An focal é 'scaif'? An bhfuil ciall le 'fear le féasóg'? An ann do Bhéarlachas atá 'Gaelach'? Tráchtaire ar an aistriúchán agus ar chúrsaí cruinnis agus stíle sa Ghaeilge é Antain agus tá sraith leabhar foilsithe aige ar na hábhair sin: In Ord is in Eagar, Cruinneas agus Ó Bhéarla go Gaeilge.
What the Focal!? - Cormac Breathnach
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Cormac Breathnach, Bainisteoir Thionscadail Fhoclóireachta Fhoras na Gaeilge. Cad is brí le 'neamhchorrabhuaiseach'? Cén fáth go mbíonn an focal 'dúshlán' ag crá na nGael?
An ionann 'neamhchaighdeánach' agus mícheart? Foghlaim freagraí na gceisteanna sin, agus faigh spléachadh ar leith ar An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge agus na foclóirí nua atá ar na bacáin.











